English Home (STUDYBASE)

STUDYBASE

ÁISEANNA ILMHEÁN
CHUN AN GHAEILGE A THEAGASC

Tá tionscadal ilmheán á bheartú ag STUDYBASE chun áiseanna teagaisc i nGaeilge a ullmhú.

 

 

 

 

Ba mhaith linn scéala a fháil ó dhaoine cáilithe, a mbeadh a ndóthain ama saor acu, féith na samhlaíochta iontu agus fonn orthu a bheith páirteach sa tionscadal seo.  

Íocfar táille fial leo siúd a sholáthróidh ábhar coimisiúnaithe a bheidh ar caighdeán sách ard.

Ní mór Gaeilge líofa agus an-chur amach ar an gCaighdeán Oifigiúil a bheith acu siúd a sholáthróidh ábhar don tionscadal seo.

Bheadh taithí ar an teanga a mhúineadh ina buntáiste. Cuirfear an-fháilte roimh chomhairle, treoir, agus smaointe úra.

Foilsíodh é seo ar
9 Marta 2008
contact us Gheobhaidh tú a thuilleadh eolais ach ríomhphost a sheoladh chuig tionscadal studybase nó glao gutháin a chur chuig 01-6104442