| |
|
|
 |
Treoracha maidir le StudyBase a úsáid
|
|
|
|
|
|
|
| Treoracha don Mhúinteoir |
| maidir le StudyBase a úsáid |
Ar ríomhaire a bhfuil ceangal aige leis an Idirlíon:
- Cliogáil ar an mbrabhsálaí agat (.i. Internet Explorer, Firefox nó cibé ceann a mbaineann tú féin feidhm as).
- Scríobh http://www.studybase.com/moodle i mbarra na seoltaí. Tabharfaidh an seoladh sin tú go dtí leathanach ar ar féidir leat logáil-isteach le dul chuig na ceachtanna agus na cleachtaí a bhaineann le do chúrsa féin.
N.B Nod don Eolach: Ná bac le Google don ghnó seo. Bain feidhm as barra na seoltaí. Tabharfaidh barra na seoltaí thú díreach go dtí an leathanach atá uait.
- Ba cheart go mbeifeá anois ar an leathanach ar ar féidir leat logáil-isteach ar a bhfeicfidh tú “Returning to this web site?” nó "Ag filleadh ar an láithreán seo?".
- Scríobh isteach an "an t-ainm úsáideora" agus an "pasfhocal" a thugamar duit. NB: Ní mór litreacha beaga a úsáid don "ainm úsáideora "..
- Feicfidh tú anois an cúrsa nó na cúrsaí ar a bhfuil tú cláraithe.
- Cliogáil ar cheann de na cúrsaí agus ansin cliogáil ar cheacht chun é a thaispeáint agus a mhíniú do mhic léinn sa seomra ranga. Is féidir teilgeoir agus scáileán nó clár bán a úsáid.
- Iarr ar na mic léinn na cleachtaí a dhéanamh ar ríomhaire glún nó sa bhaile. D'fhéadfá iad a thabhairt go dtí seomra na ríomhairí más fearr leat. Mura bhfuil a leithéidí ar fáil d'fhéadfaidis na cleachtaí a dhéanamh sa chóipleabhar nó ó bhéal sa seomra ranga.
- Seolfaimidne chugat na freagraí a chuireamar sa ríomhchlár. Is féidir níos mó ná freagra amháin a bheith ceart agus beimid in ann cur leis na freagraí más mian leat. Rud beo forásach is ea an clár seo murab ionann is leabhar. Inis dúinn faoi bhotúin le do thoil.
- Cliogáil ar "gráid" agus ar "ainm" nó ar "cleachtadh"
- Feicfidh tú tábla de na gráid a tugadh do na scoláirí s'agat féin as gach aon chleachtadh dá ndearna siad ó thús deireadh in aon ghrúpa amháin. Feicfidh tú an obair a rinne gach aon duine sa rang ar chleachtadh áirithe faoi "cleachtadh."
- Níl ort ach cliogáil ar ainm an mhic léinn agus ansin cliogáil ar activity reports agus ar all logs bhfeice tú an obair go léir atá déanta ag an scoláire seo ó thús deireadh. Gheobhaidh tú tuairisc ar gach a bhfuil déanta ag an mac léinn go dtí sin.
- Cliogáil ar nasc ar bith le féachaint ar an eolas cuimsitheach a thugtar.
- Gheobhaidh tú na torthaí deiridh sa cholún deiridh de thábla na ngrád.
- Má tá ceist ar bith agat cuir glao gutháin ar 01-6104442 nó seol ríomhphost chuig gaeilge@studybase.com
|
|
|