STUDYBASE Áiseanna Oideachais TEAGASCÓIRÍ
Read in English

 

FOLÚNTAS DO THEAGASCÓIRÍ

 
TEAGASCÓIRÍ

Más múinteoir oilte taithíoch tú agus más mian leat glacadh le cúram teagascóra ar an láithreán seo cuir scéala chuig STUDYBASE.

Creidimid go mbeidh éileamh ar na cúrsaí seo sa Ghaeilge agus go mbeidh ar ár gcumas foghlaimeoirí fonnmhara a chur i dteagmháil le múinteoirí taithíocha díograiseacha.

Cúrsaí eile trí mheán na Gaeilge
Tá ar intinn againn cúrsaí in ábhair eile trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil anseo chomh maith. Dá bhrí sin cuirfimid fáilte roimh theachtaireachtaí ó mhúinteoirí sna Gaelscoileanna ar mhaith leo a gceachtanna féin a chur ar taispeáint ar an Idirlíon ar an láithreán seo..

Mura bhfuil an cineál cúrsa a d'fheilfeadh do do dhaltaí féin le fáil ar an Idirlíon trí Ghaeilge cuir scéala chugainn agus cuir comhairle orainn faoina bhfuil uait.

Más féidir leatsa cabhrú linn a leithéid sin de chúrsa a ullmhú do b'amhlaidh ab fhearr é. Fiú mura bhfuil an-mhuinín agat as do chumas féin an Ghaeilge a scríobh sách cruinn le cur i gcló ar láithreán beidh eagarthóir Gaeilge STUDYBASE sásta prufáil a dhéanamh ar do théacs más gá.

Soláthróidh STUDYBASE na seirbhísí teicniúla, eagarthóireachta agus rúnaíochhta is gá chun go bhféadfása do chúrsa féin a chur ar fáil ar láithreán STUDYBASE. Déanfaimid leathanaigh PDF nó HTML de do chuid ceachtanna, ullmhóimid cleachtaí agus scrúdaithe féin-mheasúnathe as do chuid trialacha, cúirfimid fuaimrianta MP3 ar fáil duit agus pléifimid cibé riachtanais eile a bheadh uait ar nós léiriúcháin ghraificeacha, gearrthóga físe, nó comhdhálacha ar líne ar nós ciorcal comhrá a bhainfeadh úsáid as skype agus / nó ceamara gréasáin.

Is féidir an cúrsa s'agatsa agus na tascanna foghlama a ghabhann leis a chur ar fáil don domhan mór nó a choinneáil in áirithe do líon beag daltaí de do chuid féin más amhlaidh a b'fhearr leat.

Cláróimidne scoláirí, tabharfaimid cead isteach ar an láithreán dóibh, glacfaimid leis na táillí, íocfaimid tuarastal a shocrófar eadrainn leatsa, agus má éiríonn go maith leis an bhfiontar clúdóimid ár gcostais féin. Cuir scéala chugainn má tá suim agat san obair seo.

 

Top of page |About Us | Site Map | Privacy Policy | Contact Us | ©2010 EOFEASA