CEACHTANNA SAMPLACHA SAOR IN AISCE:
Tosaigh le CEACHT agus seans go mbeidh ort é sin a léamh cúpla uair sula mbeidh tú in ann na CLEACHTAÍ a dhéanamh. Is minic a chuirtear MP3 ar fáil a léireoidh fuaim agus foghraíocht na bhfocal. Seo sampla de cheacht. Ní féidir tabhairt faoi na cleachtaí féin-mheasúnaithe gan chlárú áfach. Le clárú níl ort ach beagán eolais a thabhairt fút féin (rud a chuirfidh cosc le lucht mioscaise) agus tabharfar ainm úsáideora agus pasfhocal duit. Níl táille i gceist faoi láthair.
CÚRSA ARDLEIBHÉIL: CRUINN BEACHT 1
(Téacs: Urchúrsa Gaeilge leis an Ollamh Dónall P. Ó Baoill & Éamonn Ó Tuathail)
Liosta na n-ábhar sa chúrsa [ clár ] : An uair a thosófar: ar fáil anois : Cláraigh anois [ clárú ]
Cuideoidh an cúrsa seo leat an Ghaeilge a scríobh go cruinn. As Gaeilge ar fad a thugtar na Ceachtanna. Is iad na Cleachtaí féin-mheasúnaithe an t-iontas dochreidte. Léireoidh siad láithreach duit cé mar atá ag éirí leat ach ní scaoilfidh siad na freagraí cearta chugat. Caithfidh tusa an t-eolas a fháil sa cheacht agus an freagra a bhunú ar sin. Is féidir ceist a chur ar an bhFóram agus ghheobhaidh tú tacaíocht ó scoláirí eile. Má chliseann ar fad ort is féidir cabhair a iarraidh ar an Teagascóir. Míneoidh seisean duit fáth a bhfuil tú ag dul amú agus léireoidh sé duit na rialacha gramadaí atá fós le foghlaim agat. [ more ]
CÚRSA MEÁNLEIBHÉIL: CRUINN BEACHT 2
(Téacs: NUACHÚRSA GAEILGE NA mBRÁITHRE CRÍOSTAÍ)
Liosta na n-ábhar sa chúrsa [ clár ] : An uair a thosófar [ dates ] : Cláraigh anois [ clárú ]
Cuideoidh an cúrsa seo leat eolas a chur ar bhunghramadach na Gaeilge. As Gaeilge a thugtar na Ceachtanna agus na Cleachtaí féinmheasúnaithe. Beidh a fhios agat an bhfuil an freagra ceart agat ach ní thabharfar an freagra ceart duit go dtí go bhfaighe tú féin é ón gCeacht. Beidh tacaíocht le fáil agat ó scoláirí eile ar an bhFóram agus freagróidh Teagascóir do cheisteanna nuair is gá. [ more ]
CB3: TEIDEAL AN CHÚRSA: "AMHRÁIN AS GAEILGE / SONGS IN IRISH"
Ar an gcúrsa seo is mian linn deich gcinn nó níos mó d'amhráin traidisiúnta na Gaeilge a mhúineadh arís. Amhráin dá leithéidí seo: An Ciarraíoch Mallaithe, An Bonnán Buí, Óró, a bhuachaillín, seol do bhó agus araile. A bhuíochas don MP3 is féidir linn focail is foinn na n-amhrán a thaifeadadh agus a chur ar fáil dóibh siúd a chuirfidh suim sa ghné seo den chultúr Gaelach d'fhonn is nach ndéanfar dearmad go deo ar an oidhreacht luachmhar seo. Rinneadh botún fadó nuair a bailíodh na foinn gan na focail. Níos measa fós cuireadh focail Bhéarla leo. Níor léir feasta cé as a dtáinig na foinn áille agus níorbh eol do dhuine ar bith an saibhhreas luachmhar a caitheadh i leataobh nuair a scaradh na focail ó na foinn. Tá de chuspóir againn na focail seo a cheangal arís leis na foinn, brí na bhfocal a mhíniú, aird a tharraingt ar fhoghraíocht na bhfocal agus a chur ar chumas glún eile d'amhránaithe taithneamh a bhaint as na hamhráin áille seo. Beidh Teagascóir ar fáil i gcónaí le cuidiú le lucht leanúna an chúrsa seo. Glacfaidh sé go fonnmhar le hiarratais ar amhráin eile agus ar ábhar teagaisc eile a bhainfeadh le hábhar.
