STUDYBASE Áiseanna Oideachais
Logáil-isteach Log in Register Cláraigh
Físeán 1: Fáilte agus treoir.

   
English
 
     
    ÁBHAR ÁISIÚIL LE GAEILGE A MHÚINEADH AGUS A FHOGHLAIM
     
    [ Ardteistiméaracht ] - [ Teastas Sóisearach ] - [ Gramadach ] - [ Comhrá Beo le hOide via Skype ]
     
     
    CEAPADÓIREACHT
     
    AISTÍ GAEILGE DON ARDTEIST ARDLEIBHÉIL
     
   
  • Gaeilge chruinn chraicneach [téacs samplach; gluais; fuaimrian - is féidir éisteacht leis an téacs á léamh le blas ]
  • An téarmaíocht is déanaí de réir www.focal.ie
  • Bunaítear na haistí seo ar imeachtaí reatha na bliana
  • Déantar na haistí seo a athnuachan nó a athscríobh de réir mar is gá.
  • Tugtar míniúcháin agus aistriúcháin go Béarla ar leaganacha neamhchoitianta mar áis don fhoghlaimeoir.
     
    AISTÍ SAMPLACHA DON TEASTAS SÓISEARACH [ BARR ]
     
   
  • PICTIÚIR

    Tá siad seo ar aon dul leis na pictiúir a thugtar ar pháipéir scrúdaithe na Roinne. Díríonn na pictiúir aird ar ábhar an cheachta. Cé go bhfaightear na pictiúir seo ar Pháipéar Scrúdaithe Ghnáthleibhéil an Teastais Shóisearaigh ní hionann san is a rá gur leath-Ghaeilge leamh thanaí atá á múineadh againn. Deis iontach iad na pictiúir seo le saibhreas na Gaeilge a mhúineadh is a fhoghlaim.


  • NAISC

    Ar gach aon leathanach tugtar painéal le naisc chuig leathanaigh eile. Leis na naisc seo is féidir leis an scoláire athrú ó leathanach go leathanach go héasca . Is féidir féachaint ar théacs agus éisteacht leis an bhfuaimrian ag an am céanna. Is féidir súil a chaitheamh ar na nótaí gan an fuaimrian a bhriseadh. .


  • TÉACS SAMPLACH

    Tugtar téacs samplach don aiste ina iomláine agus mar aon leis sin tugtar tuairisc, comhrá, agus nótaí le dul le gact pictiúr faoi seac

    Mar áis do mhúinteoirí is féidir gach pictiúr a thaispeáint gan téacs ná nótaí.

  • MÍNIÚCHÁIN

    Cé gurbh fhearr go mór dá ndéanfadh mic léinn na foclóirí a chuardach tugaimid míniúcháin agus aistriúcháin ar nathanna deacra. .

  • TUGTAR AN GHAEILGE CHOMHRÁITEACH DE BHREIS AR AN NGAEILGE THUAIRISCIÚIL

    Mar a luadh thuas tugann na pictiúir deis iontach le gnáth-chaint agus cora cainte na Gaeilge beo a mhúineadh agus/nó a fhoghlaim. Cloistear nathanna sa chaint nach minic a léitear sna gnáth-aistí a bhíodh á scríobh go dtí seo.


  • TUGTAR FUAIMRIAN LE GACH AISTE

    Ach an fuaimrian a chur ar siúl tig leis an mac léinn éisteacht leis an aiste á léamh a fhad is a bheidh sé/sí ag breathnú ar an téacs nó ag déanamh staidéir ar na nótaí. Cuideoidh an síor-éisteacht seo leis an mac léinn foghraíocht chruinn a fhoghlaim mar aon le rithim na Gaeilge. Ullmhúchán an-mhaith is ea an éisteacht seo don scrúdú cluastuisceana san Ardteist.

  • CLEACHTAÍ LE R-MHARCÁIL & R-THUAIRISCÍ

    Cinntíonn na cleachtaí go ndéanfaidh scoláire iarracht fhúntach dul i ngleic le brí na bhfocal is na bhfrásaí gan ualach millteach ceartúchán a tharraingt anuas ar an múinteoir le déanamh tar éis am na ranganna.

    Marcáiltear na cleachtaí go huathoibríoch. Ní gá don scoláire ach cnaipe a bhrú agus tugtar na marcanna. Coinnítear na marcanna seo ó chleachtadh go cleachtadh agus tugtar marc carnach ag deireadh an chúrsa. Is ionann seo agus córas measúnaithe leanúnaí gan stró ar bith a tharraingt ar an múinteoir ach na daltaí a threorú chuig na cleachtaí.

  • CLEACHTAÍ TUISCEANA AGUS CEISTEANNA D'FHONN COMHRÁ A SPREAGADH

    Soláthraímid ceisteanna a chuirfidh ar chumas na scoláirí labhairt na Gaeilge a chleachtadh i ngrúpaí beaga. Leis na ceisteanna seo beidh sé i bhfad níos éasca ar an múinteoir na scoláirí a chur ag caint is ag comhrá ina measc féin agus na nathanna is na cora cainte nua-fhoghlamtha a úsáid.


  • TOPAICÍ A BHEIDH OIRIÚNACH DON SCRÚDÚ BÉIL

    Bíonn an t-ábhar sna haistí pictiúrtha an-oiriúnach mar ullmhúchán do scrúdú béil ar bith. Cé go gcaithfidh na mic léinn ardleibhéil plé a dhéanamh ar ábhair i bhfad níos casta ná na scéilíní seo is mór an chabhair dóibh siúd leis taithí a bheith acu ar na ceisteanna bunúsácha agus a bheith in ann freagra dearfach nó diúltach a thabhairt go pras leis an mbriathar cuí gan dul i dtuilleamaí "Yes" agus "No" an Bhéarla.
     
    GRAMADACH [ BARR ]
     
    GRAMADACH ARDLEIBHÉIL (+ CLEACHTAÍ LE R-MHARCÁIL)
     
   
  • Ceachtanna cuimsitheacha mar aon le cleachtaí agus scrúdaithe ar gach uile phointe gramadaí
  • Déantar ríomh-mharcáil uathoibríoch ar na cleachtaí agus ar na scrúduithe.
  • Feileann na ceachtanna seo go binn don chlár bán idirghníomhach nó don osteilgeoir.
     
    GRAMADACH BHUNÚSACH (+ CLEACHTAÍ LE R-MHARCÁIL)
     
   
  • Ceachtanna cuimsitheacha mar aon le cleachtaí agus scrúdaithe ar gach uile phointe gramadaí
  • Déantar ríomh-mharcáil uathoibríoch ar na cleachtaí agus ar na scrúduithe.
  • Feileann na ceachtanna seo go binn don chlár bán idirghníomhach nó don osteilgeoir.
     
    CAINT IS COMHRÁ
     
    TÉACSANNA AGUS CEISTEANNA SPREAGTHA COMHRÁ [ BARR ]
     
   
  • Ceisteanna a spreagfaidh comhrá
  • topaicí a chuideoidh le dalta sna scrúduithe béil.
     
   
Cleachtaigh labhairt na Gaeilge le múinteoir taithíoch via
Practise conversational Irish with an expert teacher via

Skype

Information for new users, Courses, Enrolment, Fees, Certificates
Guidelines for teachers on how to use these lessons and exercises
Access to courses for enrolled users.
 
   
Urraithe ag Foras na Gaeilge An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta