| Cleachtaí |
| Go dtí go mbaine mic léinn úsáid as na pointí gramadaí ni fhoghlaimeoidh siad i gceart iad. Ní leo féin iad. Tugaimidne cleachtaí dóibh le déanamh tar éis gach ceachta nó lena linn. Nuair a thosóidh siad ar na cleachtaí sin a dhéanamh tosóidh siad ag foghlaim. Is deacair foghlaim gan sprioc nó cuspóir a bheith agat. Is iad na cleachtaí an chuid is tábhachtaí den teagasc agus den fhoghlaim. Spreagann siad na mic léinn chun foghlama. |
| Ceartú na gcleachtaí |
| Go dtí le fíor-ghairid bhíodh ar an múinteoir cleachtaí sin na mac léinn a cheartú tar éis an ranga ina chuid ama féin agus chaithfeadh an mac léinn cumasach fanacht go gcríochnódh an chuid eile an obair.
Anois, leis an gcaoi a bhfuil na cleachtaí cóirithe againne, beidh a fhios ag an mac léinn ar an toirt an bhfuil na cleachtaí ceart nó mícheart. |
| Obair an mhúinteora |
 |
| Beidh an múinteoir in ann díriú ar na daltaí a bhfuil deacracht acu na cleachtaí a dhéanamh. nó an ghramadach a thuiscint. |
 |
| Measúnú leanúnach |
| De bhreis ar na buntáistí sin beidh múinteoirí in ann measúnú leanúnach a dhéanamh go héasca ar obair na mac léinn ar a ríomhairí féin. |
| Tuairiscí a ullmhú don Nollaig, don Samhradh agus don CTM, Cruinniú na dTuismitheoirí le Múinteoirí. |
| Ag deireadh gach téarma beidh múinteoirí in ann marcanna nó "torthaí" a fháil bunaithe go cruinn ar an obair a rinne an mac léinn i rith an téarma le cur le tuairisc deiridh an téarma. Ní bheidh le deánamh ach cnaipe a bhrú. Coinnítear agus suimítear marcanna agus torthaí ó cheacht go ceacht agus eisítear go huathoibríoch iad nuair is mian leis an teagascóir iad a chur i gcló. |