TUAIRISC AR CHÚRSA:
Is é atá i gcúrsa ná deich gcinn d' Aonaid. Is iad seo a leanas na míreanna a gheofar in gach Aonad:
- AN CEACHT [PDF agus/nó leathanach gréasáin; fuaimrian]
De ghnáth déantar cur síos sa cheacht ar phointe áirithe gramadaí mar aon le neart samplaí á léiriú agus iadsan go léir i bhfoirm PDF nó Leathanach Gréasáin ionas gur féidir iad a chur i gcló agus a choinneáil i bhfillteán. Is féidir na leathanaigh seo a chur ar taispeáint i seomra ranga ar scáileán chomh maith. Is minic go dtugtar fuaimrian MP3 den cheacht á léamh chun foghraíocht na bhfocal a léiriú sa chúrsa mheánleibhéil ach go háirithe. Maidir le canúint: ní cainteoir dúchais an léitheoir cé go bhfuil an-chur amach aige ar chanúint Chonnacht, Iorras go háirithe. Tá an fhoghraíocht ar eolas go maith aige.
- NA CLEACHTAÍ
Tugann na cleachtaí deis duit triail a bhaint as na pointí gramadaí a léiríodh sa cheacht agus ansin níl ort ach cnaipe a bhrú chun do fhreagraí a dhearbhú laithreach. Marcáiltear na freagraí ceart nó mí-cheart. Ní hé go dtugaimid an freagra ceart duit. Caithfidh tú é sin a aimsiú sa cheacht féin. Má tharlaíonn nár éirigh leat an freagra ceart a aimsiú tar éis duit an míniúchán agus na samplaí a léamh arís is féidir leat ceist a chur ar an bhFóram agus / nó ar an Teagascóir.
- TEASTAS
Nuair atá tú sásta go dtuigeann tú ábhar an cheachta agus gur féidir leat na cleachtaí a dhéanamh i gceart tabharfar cead duit dul ar aghaidh go dtí an chéad aonad eile. Coinneofar tuairisc ar a bhfuil bainte amach agat i gClár na dTorthaí agus seolfar Teastas chugat ag deireadh an chúrsa.
- CÚNAMH IS TACAÍOCHTAssistance and Support
Tar éis duit clárú ar chúrsa is féidir leat dul i dteagmháil le scoláirí eile ar an bhFóram nó le Teagascóir an chúrsa má chastar deacracht ort nó má tá cabhair uait. Beidh fáilte roimh do cheisteanna.
MOLTAÍ AGUS IARRATAIS
Os rud é nach bhfuil an tionscadal seo ach ina thús cuirfear fáilte roimh mholtaí a chuirfeadh feabhas air agus roimh iarratais ar chúrsaí agus ceachtanna eile. Más eol duit bealaí a bhféadfaimis na ceachtanna a chur ar fáil ba bhreá linn scéala a fháil uait. Más mian leat ábhar teagaisc a ullmhú le foilsiú ar an láithreán seo cuirfear fáilte ar leith romhat agus socrófar luach saothair leat.
