STUDYBASE Áiseanna Oideachais ABAIR AMHRÁN EILE: SPLÉACHADH AR AMHRÁIN
No English version

 

TUAIRISC AR CHÚRSA:

   
Teideal: ABAIR AMHRÁN EILE
Líon macléinn is gá: Níl íoslíon i gceist. Tá saorchead isteach ach tú féin a chur in aithne don Bhainisteoir.
Dáta tosaithe: Níl dáta tosaithe i gceist.
Dáta críochnaithe: Níl dáta críochnaithe i gceist.
Táille: Saor in aisce (féach táillí)
Cuspóir: Spraoi agus taitneamh a bhaint as an teanga a fhoghlaim trí staidéar a dhéanamh ar roinnt d'amhráin na Gaeilge. I gcás gach amhráin scrudóimid na focail agus a mbrí, éistfimid leis an amhrán á chanadh, pléifimid an cineál amhráin, an téama, na smaointe, na mothúcháin, an mheadaracht, na teicníochtaí fileata, agus rud ar bith eile is mian linn trí mheán na bhFóram. Foghlaimeoimid téarmaíocht na critice: samhlacha, meafair, friotal, codarsnacht, atmaisféar, uaim, aicill, léargas, srl.
Modhanna: Tar éis éisteacht leis an amhrán agus é á chanadh léifimid an téacs, bainfimid úsáid as an bhFóram chun brí na bhfocal a phlé is a thuiscint. Scríobhfaimid ceisteanna, freagraí, tuairimí, agus léirmheasanna chun a chéile. Tar éis tamaill beidh cíoradh fiúntach déanta ar na hamhráin agus beidh feabhas gan chuimse tagtha ar ár gcuid Gaeilge.
Na hAmhráin: An Ciarraíoch Mallaithe;
Óró, a bhuachaillín, seol do bhó;
An Bonnán Buí;
Úirchill an Chreagáin;
agus go leor eile ...

 


CÚRSA ARDLEIBHÉIL : CRUINN BEACHT 1 (CB1):

Cúrsa bunaithe ar an leabhar "Úrchúrsa Gaeilge" le Dónall P. Ó Baoill, Ollamh. Tá an cúrsa seo oiriúnach do mhic léinn ollscoile agus do fhoghlaimeoirí fásta atá ag iarraidh sárchruinneas gramadaí a bhaint amach. [Sonraí ]

CÚRSA MEÁNLEIBHÉIL: CRUINN BEACHT 2 (CB2):

Gramadach bhunúsach bunaithe ar an leabhar Nuachúrsa Gaeilge na mBráithre Críostaí (nua-shonraithe le cead) oiriúnach do Rang a Sé sa Ghaelscoil agus don Chéad Bhliain ar aghaidh san Iarbhunscoil [ Sonraí ]