A luaithe is a sheolfaidh tú an fhoirm seo chugainn seolfar "uimhir" and "pasfhocal" le haghaidh gach duine sa ghrúpa ar ais chugat. Beidh tú féin is na scoláirí in ann dul isteach ar an láithreán www.studybase.com/moodle mar a bhfuil na cúrsaí agus beidh sibh in ann leas a bhaint as na ceachtanna agus as na cleachtaí féinmheasúnaithe go ceann coicíse nó mar sin. Seolfar sonrasc chugat ar an táille atá socruithe idir sibh féin agus StudyBase.
Má tá amhras ort faoi ghné ar bith den scéim seo féach ar na leathanaigh Ár Sonraí Teagmhála agus Cé muid? Cuirfimid fáilte roimh ghlao gutháin uait ar an uimhir 00-353-(0)1-6104442 le linn gnáth-uaireanta oibre 9.00 am -- 5.00 pm.
Chuirfimis fáilte roimh chuireadh uait chun cuairt a thabhairt ar an scoil s'agaibh agus na ceachtanna is na cleachtaí a thaispeáint do dhaltaí agus do mhúinteoirí. Feicfidh tú ceachtanna réamh-ullmhaithe agus cleachtaí á marcáil taobh istigh de shoiceand. Beidh daltaí in ann tabhairt faoin méid oibre is mian leo agus ar a luas féin. Coinneofar torthaí a gcuid oibre ó cheacht go ceacht agus beidh a fhios acu féin cé mar atá ag éirí leo. Beidh mála scoile an dalta níos éadroime cheal téacsleabhar. Beidh an obair go léir ar an Idirlíon agus beidh do mhála féin folamh mar ní bheidh carn cóipleabhar le ceartú agat gach oíche. Cuir scéala chugainn.
|