[NB. Níl cúrsa againn go fóill do ghlantosaitheoirí. Theastódh Gaeilge Rang 6 na bunscoile uait le tabhairt faoi cheachtanna tosaigh CB2, An Cúrsa Meánleibhéil. Theastódh Ardleibhéal an Teastais Shóisearaigh Grád C nó grád níos airde uait le tabhairt faoi CB1.]
A luaithe is a sheolfaidh tú an fhoirm seo chugainn cláróimid d'ainm úsáideora agus do phasfhocal ar an gcúrsa atá uait. Beidh ar do chumas ansin dul isteach ar an láithreán www.studybase.com/moodle mar a bhfuil na cúrsaí. Beidh tú in ann tabhairt faoi na ceachtanna agus na cleachtaí go ceann dhá sheachtain mar thréimhse trialach. Más mian leat leanúint ort ag staidéar cuir chugainn an táille cuí. Gheobhaidh tú eolas faoi na costais ar leathanach na dTáillí.
Eolas breise
Cuir fios ar bhileog eolais. Féach ar ár Sonraí Teagmhála agus ar an leathanach Cé Muid. Ina theannta sin tig leat glao gutháin a chur ar an oifig ag an uimhir seo 00-353-1-6104442 idir 9.00 am agus 1.00 pm nó téacs a chur chugainn ar 097 9475437
Cruinnithe
Eagrófar cruinnithe in áiteanna oiriúnacha ar fud na tíre chun an modh oibre a léiriú agus chun ceisteanna a fhreagairt. |