STUDYBASE Áiseanna Oideachais ÁISEANNA MÚINTE GAEILGE
Read in English

   
..Acmhainní le húsáid ag múinteoirí:
   
Bileog phoiblíochta

 
   
..Ábhar clos-amhairc réamh-ullmhaithe Daltaí fásta agus léachtóir
 

Áis iontach don mhúinteoir Gaeilge is ea na ceachtanna agus na cleachtaí réamh-ullmhaithe seo, go háirithe don té atá i bhfeighil ranganna oíche agus ranganna iarbhunscoile agus coláistí triú leibhéil.

Is féidir ceacht gramadaí a thaispeáint ar an scáileán ón Idirlíon ar do ríomhaire agus na pointí a mhíniú. Ansin is féidir na cleachtaí a thaispeáint agus a iarraidh ar na mic léinn na freagraí a thabhairt ó bhéal, a scríobh i gcóipleabhar, nó a dhéanamh ar ríomhaire glún.

Ar an ríomhaire is féidir leis na mic léinn cruinneas a bhfreagraí féin a mheas láithreach bonn agus marcanna a chur lena "scór". Cuir scéala chugainn le tuilleadh eolais a fháil: glaoigh ar 01-6104442 nó seol ríomh-phost chuig: our e-mail graphic to defeat the spammers


   
   
Daltaí ag foghlaim ón ríomhaire... Ag foghlaim Gaeilge ón ríomhaire le STUDYBASE

Baineann daltaí scoile sásamh as an r-fhoghlaim. Is féidir leo tabhairt faoi chleachtaí i ngramadach na Gaeilge agus féachaint cé mar ar éirigh leo. Léirítear dóibh na freagraí atá ceart agus iad siúd atá mí-cheart.

Ní thugtar na freagraí féin do na daltaí. Caithfidh siad féachaint arís ar an gceacht atá ar fáil dóibh láithreach ó nasc ar an scáileán. Má chliseann ar fad orthu an freagra ceart a aimsiú is féidir leo cabhair a lorg ón múinteoir sa rang mar atá léirithe sa phictiúr seo nó r-phost a sheoladh chuig an Teagascóir acu.

Bua eile ag na ceachtanna is na cleachtaí seo gur féidir leis na daltaí leanúint ar aghaidh leis an obair sa bhaile agus gur féidir leis an múinteoir tuairisc a fháil ón Idirlíon ar an méid ama a chaith siad agus an méid oibre a rinne siad.

Buntáiste don mhúinteoir
An buntáiste don mhúinteoir iarbhunscoile gur féidir ábhar an cheachta a mhúineadh sa rang agus ansin gur féidir na daltaí a thabhairt go dtí seomra na ríomhairí chun tabhairt faoi na cleachtaí. Le linn do na daltaí a bheith ag obair feicfidh an múinteoir cé mar atá ag éirí leo, iad siúd atá chun cinn agus iad siúd atá i gcruachás le deacracht na gcleachtaí.
   

   
..Tá cruinnithe agus taispeántais á eagrú againn i scoileanna áirithe.
   
Fógra faoi chruinniú
 

Beidh fáilte romhat teacht chuig an chéad taispeántas eile againn i Scoil Uí Dhálaigh, Léim an Bhradáin, Co Chill Dara ag 7.30 pm, Dé Máirt nó Déardaoin. Socrófar an dáta go luath. Má chuireann tú in iúl dúinn gur mhaith leat bheith i láthair beidh áthas orainn scéala a chur chugat faoin gcéad chruinniú eile. Ní féidir linn deighleáil ach le grúpaí beaga, deichniur ar a mhéid, agus mar sin is ar chuireadh amháin a ligfear daoine isteach. Beir leat do ríomhaire glún más maith leat.

Beidh áthas orainn taispeántas a thabhairt i scoileanna eile agus na cúrsaí a phlé le múinteoirí agus/nó daltaí má iarrtar orainn.

Cuir scéala chugainn : RíOMHPHOST