Pictiúir
Úsáidfear Fiche Sraitheanna Pictiúr le linn Béaltriail Ghaeilge na hArd-Teistiméarachta (Ard- agus Gnáthleibhéil)
Trácht
Le linn na Béaltrialach iarrfar ort labhairt ar feadh cúpla nóiméad i dtaobh sraith amháin díobh a roghnóidh an scrúdaitheoir. Mar chúnamh duit tá trácht scríofa againne ar gach sraith díobh d’fhonn cur ar do chumas do stór focal féin a mhéadú agus na téarmaí agus nathanna ar leith a ghabhann leis na hábhair atá i gceist a sholáthar duit. Cuirfidh na tráchta seo feabhas as cuimse ar do chuid Gaeilge. Cuideoidh siad leat i réimsí eile den scrúdú leis, sna trialacha cluastuisceana agus léamhthuisceana, agus in cibé aiste, óráid, nó scéal a scríobhfaidh tú.
Tugtar Achoimre ar ábhar an tsratha pictiúr ina iomláine i dtosach. Déantar cur síos ar gach pictiúr ar leith ansin. Cuirtear tús leis an trácht le habairt shimplí a bheadh oiriúnach do mhic léinn an Ghnáthleibhéil ach go háirithe. Déantar cur síos níos leithne ansin d’fhonn stór focal fairsing a sholáthar do lucht an Ard-Leibhéil chun gurbh fhéidir leo tagairt do gach uile rud atá le feiceáil sa phictiúr agus cur síos a dhéanamh air leis an téarmaíocht chuí.
Bhaineamar leas as www.focloir.ie agus as www.tearma.ie nuair a bhí na tráchta seo á scríobh againn.
Ceisteanna
Tar éis duitse labhairt ar feadh cúpla nóiméad faoi na pictiúir cuirfear cúpla ceist ort ina dtaobh. Ar deireadh iarrfar ort cúpla ceist de do chuid féin a chur. D'fhonn áisiúlachta tá neart ceisteanna curtha againne le gach pictiúr. Is furasta dhuit dá bhrí sin seisiún cleachtaidh chomhrá a chur ar siúl sa seomra ranga nó sa bhaile. Níl uait ach duine a bhféadfá labhairt leis nó léi. Duine éigin a éistfidh leat.
Aistriúcháin
Focail agus nathanna a úsáidtear sna tráchta ach nach gcloistear ró-mhinic iad tugtar míniú i mBéarla orthu ar an leathanach seo.
Fuaimrian
Is féidir leat éisteacht leis an téacs á léamh agus tú ag tabhairt faoin quiz a cuireadh ar fáil mar chleachtadh. Tabhair aire don fhoghraíocht, focail ar nós “nuair” agus “chuaigh” ach go háirithe. Ní mór cluas ghéar a bheith agat leis na fuaimeanna seo a aithint: “~ua~” agus an “r” caol agus an “c” séimhithe. B’fhiú dhuit éisteacht leis an nGaeilge labhartha agus aithris a dhéanamh ar an dea-fhoghraíocht. Fiú mura bhféadfaí cainteoir dúchais a thabhairt ort ba cheart duit a thabhairt le fios gurb eol duit go bhfuil nósanna foghraíochta áirithe á gcleachtadh ag cainteoirí maithe Gaeilge. Nuair a thabharfaidh an scrúdaitheoir faoi deara go bhfuil iarracht á dhéanamh agat bronnfar breis marcanna ort.
Quizanna
Is é rud atá sna quizanna ná trialacha iomlánaithe a bunaíodh ar théacs an tráchta agus ar féidir a dhéanamh le linn duit éisteacht leis an bhfuaimrian taifeadta. Brúigh ar “submit” go bhfeice tú an bhfuil na freagraí i gceart agat. Taispeántar freagraí atá ceart le dath glas. Is féidir tabhairt faoi fhreagraí a bhfuil dath dearg orthu arís. Seans nár litrigh tú focal éigin i gceart. Nuair a bheidh na freagraí go léir i gceart agat tig leat 100% eile a chur le do scór iomlán. Maith thú! Níl an Ghaeilge ró-dheacair tar éis an tsaoil!
|