Mínítear gach pointe gramadaí go soiléir agus tugtar neart cleachtaí simplí i ndiaidh gach ceachta. Rinneadh quiosanna idirghníomhacha de na cleachtaí. Is féidir iad seo a mharcáil go héasca le buille cnaipe den ríomhaire. Is feidir botúin a leasú arís is arís eile go dtí go bhfuil gach freagra ceart agus go mbeidh an grád is airde 100% bainte amach. Ansin is féidir le scoláirí na marcanna atá gnóthaithe acu a chur lena dtuairisc iomlán ag deireadh an chúrsa..
Is breá le scoláirí an sásamh agus an bród a airíonn siad nuair a fhaigheann siad marcanna arda agus spreagtar go mór iad chun leanúint ar aghaidh. Faigheann siad greim daingean ar ghramadach na Gaeilge ar bhealach éasca taitneamhach.
|