Fearaim fáilte romhat chuig StudyBase. Láithreán is ea é seo atá dírithe ar ábhar teagaisc a sholáthar ar an Idirlíon do mhúinteoirí na Gaeilge ag an meánleibhéal agus ag an ardleibhéal - agus d'fhoghlaimeoirí ach go háirithe. Níl cúrsaí do ghlan-tosaitheoirí againn go fóill (Eanáir 2012).
Tá cúrsaí idirghníomhacha agus ábhar teagaisc sa Ghaeilge á soláthar ag Studybase ar an Idirlíon. Tá na ceachtanna féin leagtha amach i gcaoi is gur féidir iad a thaispéaint ar chlár bán idirghníomhach, nó a léamh ar ríomhaire nó ar fhón póca.
|
Mar aon le ceachtanna tugtar cleachtaí Gaeilge i bhfoirm quizanna, trialacha iomlánaithe srl ar féidir a mharcáil láithreach ach cnaipe a bhrú. Déantar measúnú go leanúnach, soláthraítear torthaí agus tuairiscí ceann cúrsa agus eisítear teastais phearsanta go huathoibríoch.
Tá seirbhís tacaíochta á sholáthar ag StudyBase le haghaidh scoileanna, coláistí agus foghlaimeoirí aonair. Bímid ag cur leis an ábhar de shíor agus á athnuachan nuair is gá. Tá eolas le fáil sa bhfíseán seo: video.
|