|
|
CÉ DÓIBH NA CEACHTANNA?
DALTAÍ SCOILE, MICLÉINN TRIÚ-LEIBHÉIL & FOGHLAIMEOIRÍ EILE
Má tá tú ag foghlaim na Gaeilge ar scoil nó i gcoláiste triú-leibhéil is duitse an láithreán seo. Más amhlaidh gur fhág tú an scoil i bhfad ó shin agus gur mhaith leat snas a chur ar do chuid Gaeilge arís seo seans iontach duit staidéar éifeachtach a dhéanamh agus aithne a chur ar fhoghlaimeoirí eile.
MÚINTEOIRÍ MEÁNSCOILE
Más múinteoir Gaeilge thú gheobhaidh tú roinnt mhaith ceachtanna gramadaí anseo a bheidh feiliúnach don scáileán bán sa seomra ranga mar aon le cleachtaí le r-mharcáil a dhéanfaidh na daltaí ar an ríomhaire, sa chóipleabhar nó ó bhéal. Tá cead isteach saor in aisce le fáil ag múinteoir a chláróidh rang daltaí ar chúrsa. Gearrtar táille íseal ar gach dalta. [ Breis eolais ]
CAD A MHÚINTEAR AR AN gCÚRSA ARDLEIBHÉIL?
CB1: AN CÚRSA ARDLEIBHÉIL
Cúrsa é seo dóibhsiúd a bhfuil eolas maith ar an nGaeilge acu. Tá ábhar na gceachtanna le fáil anseo: Clár CB1.




